Tuarascáil (COM(2025)0982 – C10-0335/2025 – 2025/0395(COD))
Cur i bhfeidhm na rialacha maidir le freagracht leathnaithe táirgeora maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola agus pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht a chur ar fionraí (Omnibus VIII maidir le reachtaíocht chomhshaoil)
A-10-2026-0266-AM-015-015
14.10.2026 A10-0266/15
Leasú 15
Emma Fourreau
thar ceann an Ghrúpa The Left
Tuarascáil A10-0266/2026
Ingeborg Ter Laak
(COM(2025)0982 – C10-0335/2025 – 2025/0395(COD))
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1
| Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún | Leasú |
| Airteagal 1 | scriosta |
| Cur ar fionraí Airteagal 56(3) de Rialachán (AE) 2023/1542 | |
| Cuirfear cur i bhfeidhm Airteagal 56(3) de Rialachán (AE) 2023/1542 ar fionraí go dtí an 1 Eanáir 2035. | |
| A mhéid a bhaineann le táirgeoirí ceallraí atá bunaithe i dtríú tíortha, mura ceanglas de chuid na mBallstát é go gceapfaí ionadaí údaraithe do fhreagracht leathnaithe táirgeora, áiritheoidh na táirgeoirí sin, trí mhodhanna malartacha, inrianaitheacht agus forfheidhmiú maidir le táirgeoirí ceallraí atá bunaithe i dtríú tíortha. |
Or. en
Réasúnú
Níor cheart go ndíreofaí sa rialachán seo ach ar an Rialachán maidir le Pacáistíocht agus Dramhaíl ó Phacáistíocht. Dá bhrí sin, is é is aidhm don leasú seo an Rialachán maidir le Ceallraí a bhaint den raon feidhme.