Sittings · Compare

What changed

From · opinion parliamentary committee · 2024-02-20 INTA-AD-758090 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Saoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar
To · act followup · 2024-08-08 SP-2024-394-TA-9-2024-0343 Follow up to T9-0343/2024
+12 added · −219 removed · 0 modified paragraphs

PA_Legam

ORDINARY LEGISLATIVE procedure

RÉASÚNÚ GEARR

Follow up to the European Parliament legislative resolution on the proposal for a regulation of the European Parliament and of the Council on establishing the Reform and Growth Facility for the Western Balkans

Tá beartas cuimsitheach forbartha ag an Aontas Eorpach chun tacú le haontachas thíortha na mBalcán Thiar de réir a chéile: An Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh agus an tSeirbia. Is é is aidhm leis an bpróiseas sin dul chun cinn daonlathach, eacnamaíoch agus sóisialta a spreagadh sna tíortha ar mian leo teacht isteach san Aontas, agus ar an gcaoi sin comhar agus cobhsaíocht níos fearr a chur chun cinn san Eoraip.

1. Rapporteur: Karlo RESSLER (EPP / HR), Tonino PICULA (S&D / HR)

Tá an tAontas Eorpach, amhail na tíortha lena mbaineann, go hiomlán cinnte go bhfuil peirspictíocht Eorpach i dtíortha na mBalcán Thiar, faoi na dlúthnaisc chultúrtha, stairiúla agus gheografacha atá eadrainn, agus faoin gcomhar eadrainn i roinnt réimsí tábhachtacha.

2. Reference numbers: 2023/0397 (COD) / A9-0085/2024 / P9_TA(2024)0343

Bhí na Balcáin Thiar neamhchosanta go háirithe ar ghéarchéimeanna a bhí ann le déanaí amhail COVID-19, imirce líon suntasach den daonra óg iontu, agus na deacrachtaí eacnamaíocha atá ag dul in olcas mar gheall ar fhogha na Rúise san Úcráin. Is ionann cumhacht ceannaigh mhuintir na mBalcán Thiar agus idir aon trian agus leath den mheánchumhacht cheannaigh san Aontas Eorpach.

3. Date of adoption of the resolution: 24 April 2024

Tacaíonn an Rapóirtéir leis na conclúidí ón gCruinniú Mullaigh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar a tionóladh an 13 Nollaig 2023. Dhearbhaigh an tAontas Eorpach arís eile a thiomantas dobhréagnaithe d’aontachas na mBalcán Thiar leis an Aontas Eorpach amach anseo agus d’iarr sé go gcuirfí dlús leis an bpróiseas, bunaithe ar luachanna coiteanna an daonlathais agus an smachta reachta, ar athchóirithe inchreidte arna ndéanamh ag na comhpháirtithe agus ar choinníollacht chothrom.

4. Legal basis: Articles 212 and 322(1) of the Treaty on the Functioning of the European Union

Chun an tiomantas sin a threisiú, soláthraíonn an tAontas cabhair shuntasach agus tacaíocht airgeadais shuntasach don réigiún. Ar an gcaoi sin, is féidir comhtháthú sa mhargadh aonair a dhéanamh de réir a chéile, agus comhar láidir, tacaíocht Eorpach agus comhtháthú réigiúnach (mar bhearta ullmhúcháin) a bheith ann roimhe sin. Beidh sé mar thoisc ríthábhachtach freisin feabhas a chur ar ár gcaidreamh trádála agus tráchtála chun go n-éireoidh leis an gcomhiarracht sin amach anseo.

5. Competent Parliamentary Committee: Committee on Budgets (BUDG), Committee on Foreign Affairs (AFET)

Leis an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar, méadófar an cúnamh airgeadais go mór. Le maoiniú ón tSaoráid, tacófar le cláir athchóirithe sna Balcáin Thiar, lena ndíreofar ar athchóirithe socheacnamaíocha agus bunúsacha, lena n-áirítear an smacht reachta agus infheistíochtaí spriocdhírithe.

6. Commission's position: accepts all amendments. The Commission presented the following statements:

EUR 6 bhilliún a bheidh in acmhainní na Saoráide le haghaidh 2024-2027 i gcomhair dhá chineál tacaíochta: EUR 2 bhilliún i bhfoirm tacaíocht neamh-inaisíoctha agus EUR 4 bhilliún i bhfoirm iasachtaí lamháltais arna ndeonú ag an Aontas Eorpach. Is geal leis an Rapóirtéir an gealltanas airgeadais sin, ach bheadh sé i bhfabhar méadú ar an tacaíocht neamh-inaisíoctha agus ar an tsolúbthacht maidir le coinníollacht iasachtaí.

Commission statement 1:

Áirítear coinníollacht láidir sa togra ón gCoimisiún trí scaoileadh na gcistí a bheith ag brath ar bhaint amach na spriocanna a leagtar amach i gCláir Oibre Athchóirithe réamh-fhormheasta. I dtuairim an Rapóirtéara, éilíonn cur chuige den chineál sin leibhéal mór solúbthachta agus ní mór na géarchéimeanna a bhí ann le déanaí, a bhfuil tionchar acu fós ar thíortha na mBalcán Thiar, a chur san áireamh. Áitíonn an Rapóirtéir freisin gur gá an uaillmhian sin a dhéanamh coinníollach ar fheabhas a chur ar dhálaí sóisialta agus oibre, ar an bhforbairt inbhuanaithe agus ar an gcomhrac i gcoinne an neamhionannais, go háirithe idir fir agus mná.

“Recognising the importance for the European Parliament and Council to be in a position to discharge their responsibility as budgetary authorities in a well-informed manner, the Commission will make available to the budgetary authority information on budgetary commitments and payments both affected and planned under the Western Balkans Facility per beneficiary on a bi-monthly basis”.

Ní mór do gach infheistíocht rannchuidiú leis an gcuspóir níos leithne atá ann cuidiú leis an réigiún aistriú go geilleagar glas, aeráidneodrach, athléimneach, digiteach agus cuimsitheach. Áitíonn an Rapóirtéir go dtabharfaí tosaíocht do chuspóirí, go háirithe na cuspóirí sin a bhaineann leis na luachanna atá i gcoiteann againn agus a neartóidh dúshraith phróiseas an mhéadaithe tuilleadh. Áirítear orthu sin an smacht reachta, an daonlathas, urraim do chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, trí chóras breithiúnach neamhspleách a chur chun cinn, an comhrac i gcoinne na calaoise, an éillithe, na coireachta eagraithe, an sciúrtha airgid, na himghabhála agus calaoise cánach, urraim don dlí idirnáisiúnta, saoirse na meán agus an tsaoirse acadúil, chomh maith le timpeallacht atá fabhrach don tsochaí shibhialta, idirphlé sóisialta a chothú, comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn, neamh-idirdhealú agus caoinfhulaingt, chun urraim do chearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad a ráthú agus a neartú.

Commission statement 2:

Cé gur cheart go gcuirfeadh an clár seo ar chumas gheilleagair na mBalcán Thiar teacht le chéile, lena dtabharfaí a gcaighdeáin i gcomhréir le caighdeáin an Aontais Eorpaigh, ní hamháin go gcaithfimid ár ngeilleagair a thabhairt níos gaire dá chéile, ach ní mór dúinn ár gcomhpháirtíochtaí cultúrtha, oideachais, acadúla, taighde agus cruthaitheacha a neartú freisin. Tá an Rapóirtéir suite de go bhfuil acmhainneacht shuntasach ann, ní hamháin maidir le neartú ár ngeilleagar, ach maidir le caidreamh níos dlúithe agus tuiscint fhrithpháirteach níos fearr a chothú freisin.

“The Commission takes note of the statement by the European Parliament and the Council on the budgetary nomenclature for the Reform and Growth Facility for the Western Balkans which could potentially affect the implementation of the Facility. In any case, it would unduly interfere with the proper conduct of the budgetary procedure. The Commission considers that this should not constitute a precedent”.

LEASUITHE

Iarrann an Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta ar an gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus chuig an gCoiste um Buiséid, mar na coistí atá freagrach, na nithe seo a leanas a chur san áireamh:

Leasú 1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 11

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11) Leis an tSaoráid ba cheart comhsheasmhacht agus tacaíocht a áirithiú le cuspóirí ginearálta ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar síos in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, lena n-áirítear urraim do chearta bunúsacha mar a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Áiritheoidh sé go háirithe go ndéanfar cearta an duine agus an smacht reachta a chosaint agus a chur chun cinn.

(11) Leis an tSaoráid ba cheart comhsheasmhacht agus tacaíocht a áirithiú le cuspóirí ginearálta ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar síos in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, lena n-áirítear urraim do chearta bunúsacha mar a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Áiritheoidh sé go háirithe go ndéanfar cearta an duine, cearta saothair, i gcomhréir le Coinbhinsiúin EIS, chomh maith leis an smacht reachta a chosaint agus a chur chun cinn.

Leasú 2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12) Le gníomhaíochtaí faoin tSaoráid ba cheart tacú le dul chun cinn maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, le Comhaontú Pháras agus le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch agus le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an Gaineamhlú a Chomhrac agus níor cheart di rannchuidiú le díghrádú comhshaoil ná díobháil a dhéanamh don chomhshaol ná don aeráid. Ba cheart bearta arna gcistiú faoin tSaoráid a bheith i gcomhréir le Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide na dTairbhithe, lena Rannchuidiú arna Chinneadh go Náisiúnta agus lena n-uaillmhian aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Ba cheart an tSaoráid a bheith ina cuidiú leis an ngníomhaíocht mhaolúcháin agus leis an gcumas oiriúnú d’éifeachtaí díobhálacha an athraithe aeráide, agus athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a chothú.

(12) Le gníomhaíochtaí faoin tSaoráid ba cheart tacú le dul chun cinn maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, éagothromaíochtaí a laghdú, fás fadtéarmach inbhuanaithe a chothú, an Comhaontú Glas don Eoraip, le Comhaontú Pháras agus le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch agus le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an Gaineamhlú a Chomhrac agus níor cheart di rannchuidiú le díghrádú comhshaoil ná díobháil a dhéanamh don chomhshaol ná don aeráid. Ba cheart bearta arna gcistiú faoin tSaoráid a bheith i gcomhréir le Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide na dTairbhithe, lena Rannchuidiú arna Chinneadh go Náisiúnta agus lena n-uaillmhian aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Ba cheart an tSaoráid a bheith ina cuidiú leis an ngníomhaíocht mhaolúcháin agus leis an gcumas oiriúnú d’éifeachtaí díobhálacha an athraithe aeráide, agus athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a chothú. Ba cheart don tSaoráid tacú le borradh a chur faoin nuálaíocht le haghaidh FBManna agus gníomhaithe an gheilleagair shóisialta, chomh maith le haistriú teicneolaíochta chun tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach; Ba cheart go n-áireofaí leis na gníomhaíochtaí faoin tSaoráid beartais chun dífhostaíocht i measc na hóige agus imirce daoine oilte ó na tíortha sna Balcáin Thiar a laghdú; Le gníomhaíochtaí faoin tSaoráid, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le measúnuithe tionchair ar an gcomhshaol agus comhairliúcháin phoiblí maidir le tionscadail a dhéanann difear do limistéir faoi chosaint, don bhithéagsúlacht agus do chosaint an chomhshaoil, agus tuairimí an phobail áitiúil á gcur san áireamh.

Leasú 3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13) Ba cheart cur chun feidhme an Rialacháin seo a bheith bunaithe ar phrionsabail an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe, de réir mar a fhorléirítear iad i straitéisí Aontas an Chomhionannais. Ba cheart dó comhionannais inscne agus cumhachtú na mban agus na gcailíní a chur chun cinn, agus ba cheart féachaint le cearta na mban agus na gcailíní a chosaint agus a chur chun cinn i gcomhréir le Pleananna Gníomhaíochta AE maidir le hInscne agus le conclúidí ábhartha ón gComhairle agus le coinbhinsiúin idirnáisiúnta. Ba cheart cur chun feidhme na Saoráide a bheith i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas agus ba cheart inrochtaineacht ina cuid infheistíochtaí agus cúnamh teicniúil a áirithiú.

(13) Ba cheart cur chun feidhme an Rialacháin seo a bheith bunaithe ar phrionsabail an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe, de réir mar a fhorléirítear iad i straitéisí Aontas an Chomhionannais, an urraim do chearta saothair, don tsláinte agus don tsábháilteacht ag an obair. Ba cheart dó comhionannais inscne, lena n-áirítear dul i ngleic le bearnaí pá idir na hinscní agus cumhachtú na mban agus na gcailíní a chur chun cinn, agus ba cheart féachaint le cearta na mban agus na gcailíní a chosaint agus a chur chun cinn i gcomhréir le Pleananna Gníomhaíochta AE maidir le hInscne agus le conclúidí ábhartha ón gComhairle agus le coinbhinsiúin idirnáisiúnta. Ba cheart cur chun feidhme na Saoráide a bheith i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas agus ba cheart inrochtaineacht ina cuid infheistíochtaí agus cúnamh teicniúil a áirithiú.

Leasú 4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15) Mar léiriú ar an gComhaontú Glas don Eoraip mar straitéis fáis inbhuanaithe na hEorpa agus ar a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar chuspóirí aeráide agus bithéagsúlachta i gcomhréir le gealltanais an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh, ba cheart an tSaoráid a bheith ina cuidiú le baint amach na sprice foriomláine 30 % de chaiteachas buiséadach an Aontais a bheith ag tacú le cuspóirí aeráide agus 7,5 % in 2024 agus 10 % in 2026 agus 2027 a bheith ag tacú le cuspóirí bithéagsúlachta. Ba cheart 37 % ar a laghad den tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha a chuirtear trí WBIF a bheith ag rannchuidiú le cuspóirí aeráide. Leis an tSaoráid ba cheart tacú le gníomhaíochtaí lena n-urramaítear go hiomlán caighdeáin agus tosaíochtaí aeráide agus comhshaoil an Aontais agus an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852.

(15) Mar léiriú ar an gComhaontú Glas don Eoraip mar straitéis fáis inbhuanaithe na hEorpa agus ar a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar chuspóirí aeráide agus bithéagsúlachta i gcomhréir le gealltanais an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh, ba cheart an tSaoráid a bheith ina cuidiú le baint amach na sprice foriomláine 30 % de chaiteachas buiséadach an Aontais a bheith ag tacú le cuspóirí aeráide agus 7.5 % in 2024 agus 10 % in 2026 agus 2027 a bheith ag tacú le cuspóirí bithéagsúlachta. Ba cheart 37 % ar a laghad den tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha a chuirtear trí WBIF a bheith ag rannchuidiú le cuspóirí aeráide, d'fhonn aeráidneodracht a bhaint amach. Leis an tSaoráid ba cheart tacú le gníomhaíochtaí lena n-urramaítear go hiomlán caighdeáin agus tosaíochtaí aeráide agus comhshaoil an Aontais agus an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852.

_________________

_________________

8 Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú agus lena leasaítear Rialachán (AE). 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

8 Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú agus lena leasaítear Rialachán (AE). 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

Leasú 5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 22

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(22) Chun cur chun feidhme éifeachtúil na Saoráide a áirithiú, lena n-áirítear comhtháthú Thairbhithe na mBalcán Thiar i slabhraí luacha Eorpacha a éascú, ba cheart na soláthairtí agus na hábhair uile a mhaoinítear agus a sholáthraítear faoin tSaoráid seo a bheith de thionscnamh na mBallstát, na dTairbhithe, páirtithe conarthacha sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, tíortha a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1529, agus tíortha dár bhunaigh an Coimisiún rochtain chómhalartach ar chúnamh seachtrach i gcríocha na dTairbhithe, mura rud é nach féidir na soláthairtí agus na hábhair a fháil ar choinníollacha réasúnacha in aon cheann de na tíortha sin.

(22) Chun cur chun feidhme éifeachtúil na Saoráide a áirithiú, lena n-áirítear comhtháthú Thairbhithe na mBalcán Thiar i slabhraí luacha Eorpacha a éascú, ba cheart na soláthairtí agus na hábhair uile a mhaoinítear agus a sholáthraítear faoin tSaoráid seo a bheith de thionscnamh na mBallstát, na dTairbhithe, páirtithe conarthacha sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, tíortha a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle10 agus Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1529, agus tíortha dár bhunaigh an Coimisiún rochtain chómhalartach ar chúnamh seachtrach i gcríocha na dTairbhithe, agus comhlíonfaidh siad na hardchritéir shóisialta agus chomhshaoil nuair is féidir, mura rud é nach féidir na soláthairtí agus na hábhair a fháil ar choinníollacha réasúnacha in aon cheann de na tíortha sin, agus sa chás sin, ba cheart go mbeadh an soláthar i gcomhréir le rialacháin an Aontais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo maidir le dícheall cuí le haghaidh slabhraí soláthair.

__________________

__________________

10 Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/947/oj). http://data.europa.eu/eli/reg/2021/947/oj).

10 Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/947/oj). http://data.europa.eu/eli/reg/2021/947/oj).

Leasú 6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 27

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(27) Ba cheart a áireamh sna Cláir Oibre Athchóiriúcháin míniú ar chóras an Tairbhí chun neamhrialtachtaí, éilliú, calaois agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú go héifeachtach agus úsáid á baint as na cistí a sholáthraítear faoin tSaoráid, agus na socruithe a bhfuil sé mar aidhm leo cistiú dúbailte ón tSaoráid nó ó chláir eile an Aontais chomh maith le cistiú ó dheontóirí eile a sheachaint.

(27) Ba cheart a áireamh sna Cláir Oibre Athchóiriúcháin míniú ar chóras an Tairbhí chun neamhrialtachtaí, éilliú, calaois agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú go héifeachtach agus úsáid á baint as na cistí a sholáthraítear faoin tSaoráid, agus na socruithe a bhfuil sé mar aidhm leo cistiú dúbailte ón tSaoráid nó ó chláir eile an Aontais chomh maith le cistiú ó dheontóirí eile a sheachaint. Ba cheart na Cláir Oibre don Athchóiriú a dhearadh agus a chur chun feidhme i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha uile i ngach tír.

Leasú 7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 29

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(29) Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar gach Clár Oibre Athchóiriúcháin bunaithe ar liosta na gcritéar a leagtar amach sa Rialachán seo. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na Cláir Oibre Athchóiriúcháin a fhormheas. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle11 . Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar Chinneadh 2010/427/AE ón gComhairle agus ar ról SEGS i gcás inarb iomchuí, agus go háirithe agus faireachán á dhéanamh aige ar chomhlíonadh an réamhchoinníll maidir le tacaíocht ón Aontas.

(29) Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar gach Clár Oibre Athchóiriúcháin bunaithe ar liosta na gcritéar a leagtar amach sa Rialachán seo. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na Cláir Oibre Athchóiriúcháin a fhormheas. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle11 . Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar Chinneadh 2010/427/AE ón gComhairle agus ar ról SEGS i gcás inarb iomchuí, agus go háirithe agus faireachán á dhéanamh aige ar chomhlíonadh an réamhchoinníll maidir le tacaíocht ón Aontas. Ba cheart don Choimisiún an measúnú ar na Cláir Oibre don Athchóiriú a dhéanamh, le cúnamh ó shaineolaithe neamhspleácha, lena n-áirítear saineolaithe ón tsochaí shibhialta.

_________________

_________________

11 Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).

11 Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).

Leasú 8

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 2 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) dlús a chur le haistriú na dTairbhithe chuig geilleagair inbhuanaithe chuimsitheacha a bheidh in ann brú margaidh iomaíoch mhargadh aonair an Aontais a sheasamh, agus chuig timpeallacht chobhsaí infheistíochta;

(a) dlús a chur le haistriú na dTairbhithe chuig geilleagair inbhuanaithe aeráidneodracha chuimsitheacha, ina bhfuil leibhéil ísle neamhionannais, a bheidh in ann brú margaidh iomaíoch mhargadh aonair an Aontais a sheasamh, agus chuig timpeallacht chobhsaí infheistíochta;

Leasú 9

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 2 – pointe c a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c a) a áirithiú go gcuirfidh infheistíochtaí a chumhdaítear leis an tSaoráid ar chumas na dTairbhithe ról méadaithe a bheith acu i slabhraí luacha athléimneacha an Aontais, cruthú luacha agus forbairt mhéadaithe ar thionscail áitiúla agus a ndul chun cinn feadh an tslabhra luacha a chur chun cinn;

Leasú 10

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 2 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e) dlús a chur leis an aistriú glas i gcomhréir le Clár Oibre Glas 2020 le haghaidh na mBalcán Thiar agus gach earnáil eacnamaíoch a chumhdach, go háirithe earnáil an fhuinnimh, lena n-áirítear an t-aistriú chuig geilleagar atá dícharbónaithe, aeráidneodrach, athléimneach ó thaobh na haeráide de agus ciorclach;

(e) dlús a chur leis an aistriú glas i gcomhréir le Clár Oibre Glas 2020 le haghaidh na mBalcán Thiar agus gach earnáil eacnamaíoch a chumhdach, go háirithe earnáil an fhuinnimh, lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh agus an t-aistriú chuig geilleagar atá dícharbónaithe, aeráidneodrach, athléimneach ó thaobh na haeráide de agus ciorclach agus cosaint na bithéagsúlachta agus an chomhshaoil;

Leasú 11

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 2 – pointe g

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(g) borradh a chur faoin nuálaíocht, go háirithe le haghaidh FBManna agus chun tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach;

(g) borradh a chur faoin nuálaíocht, go háirithe le haghaidh FBManna agus chun tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach trí chúnamh teicniúil agus aistriú teicneolaíochta a sholáthar;

Leasú 12

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 2 – pointe h

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(h) borradh a chur faoi bheartais ardcháilíochta oideachais, oiliúna, athscilithe agus uas-scilithe, agus fostaíochta;

(h) borradh a chur faoi bheartais ardcháilíochta oideachais, oiliúna, athscilithe agus uas-scilithe, agus fostaíochta agus glacadh Choinbhinsiúin EIS, agus béim á leagan ar dhul i ngleic le bearnaí pá idir na hinscní agus le dífhostaíocht i measc na hóige;

Leasú 13

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 2 – pointe i

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i) bunphrionsabail phróiseas an mhéadaithe, lena n-áirítear an smacht reachta, an daonlathas, urramú chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, a neartú a thuilleadh, trí bhreithiúnacht neamhspleách agus slándáil atreisithe a chur chun cinn, chomh maith leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise, an éillithe, na coireachta eagraithe, an sciúrtha airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, na himghabhála cánach agus na calaoise cánach; comhlíonadh an dlí idirnáisiúnta; saoirse na meán agus saoirse acadúil agus timpeallacht chumasúcháin don tsochaí shibhialta a neartú; idirphlé sóisialta a chothú; comhionannas inscne, neamh-idirdhealú agus caoinfhulaingt a chur chun cinn, chun urraim do chearta na mionlach a áirithiú agus a neartú;

(i) bunphrionsabail phróiseas an mhéadaithe, lena n-áirítear an smacht reachta, an daonlathas, urramú chearta an duine agus cearta saothair agus saoirsí bunúsacha, a neartú a thuilleadh, trí bhreithiúnacht neamhspleách agus slándáil atreisithe a chur chun cinn, chomh maith leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise, an éillithe, na coireachta eagraithe, an sciúrtha airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, na himghabhála cánach agus na calaoise cánach; comhlíonadh an dlí idirnáisiúnta; saoirse na meán agus saoirse acadúil agus timpeallacht chumasúcháin don tsochaí shibhialta a neartú; idirphlé sóisialta a chothú; comhionannas inscne agus laghdú bearnaí pá idir na hinscní, neamh-idirdhealú agus caoinfhulaingt a chur chun cinn, chun urraim do chearta na mionlach a áirithiú agus a neartú;

Leasú 14

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Beidh an comhar faoin tSaoráid bunaithe ar phrionsabail éifeachtacht na forbartha agus cuirfidh sé na prionsabail sin chun cinn, ar fud na módúlachtaí uile, is iad sin úinéireacht na dtosaíochtaí forbartha ag na Tairbhithe, díriú ar thorthaí, comhpháirtíochtaí cuimsitheacha, trédhearcacht agus cuntasacht fhrithpháirteach. Beidh an comhar bunaithe ar acmhainní a leithdháileadh agus a úsáid ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil.

1. Beidh an comhar faoin tSaoráid bunaithe ar phrionsabail éifeachtacht na forbartha agus cuirfidh sé na prionsabail sin chun cinn, ar fud na módúlachtaí uile, is iad sin úinéireacht na dtosaíochtaí forbartha ag na Tairbhithe, díriú ar thorthaí, comhpháirtíochtaí cuimsitheacha, agus ceapadh rannpháirtíoch beartais ina bhfuil eagraíochtaí sochaí sibhialta agus údaráis áitiúla páirteach, trédhearcacht agus cuntasacht fhrithpháirteach. Beidh an comhar bunaithe ar acmhainní a leithdháileadh agus a úsáid ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil.

Leasú 15

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Le gníomhaíochtaí faoin tSaoráid, déanfar príomhshruthú maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide, cosaint na bithéagsúlachta agus cosaint an chomhshaoil, cearta an duine, an daonlathas, comhionannas inscne agus, i gcás inarb ábhartha, laghdú rioscaí tubaiste, agus tacófar le dul chun cinn i dtreo na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, lena gcuirfear chun cinn gníomhaíochtaí comhtháite lenar féidir comhthairbhí a chruthú agus ilchuspóirí a chomhlíonadh ar bhealach comhleanúnach. Seachnófar sócmhainní tréigthe leo, agus beidh siad á dtreorú ag prionsabal na neamhdhíobhála agus ag an bprionsabal ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’, chomh maith leis an gcur chuige príomhshruthaithe inbhuanaitheachta atá mar bhonn taca leis an gComhaontú Glas don Eoraip.

4. Le gníomhaíochtaí faoin tSaoráid, déanfar príomhshruthú maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide, cosaint na bithéagsúlachta agus cosaint an chomhshaoil, cearta an duine agus cearta saothair, an daonlathas, comhionannas inscne agus, i gcás inarb ábhartha, laghdú rioscaí tubaiste, agus tacófar le dul chun cinn i dtreo na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, lena gcuirfear gníomhaíochtaí comhtháite chun cinn lenar féidir comhthairbhí a chruthú agus ilchuspóirí a chomhlíonadh ar bhealach comhleanúnach, lena n-áirithítear measúnuithe ar an tionchar ar an gcomhshaol agus go ndéanfaí comhairliúcháin phoiblí maidir le tionscadail a dhéanann difear do limistéir faoi chosaint, don bhithéagsúlacht agus do chosaint an chomhshaoil, agus tuairimí an phobail áitiúil á gcur san áireamh. Seachnófar sócmhainní tréigthe leo, agus beidh siad á dtreorú ag prionsabal na neamhdhíobhála agus ag an bprionsabal ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’, chomh maith leis an gcur chuige príomhshruthaithe inbhuanaitheachta atá mar bhonn taca leis an gComhaontú Glas don Eoraip.

Leasú 16

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4 a. Áiritheoidh agus feabhsóidh an tAontas comhchuibheas a bheartais sheachtracha agus déanfaidh na Tairbhithe a ndícheall a mbeartais a ailíniú le Comhbheartas Eachtrach agus Slándála AE;

Leasú 17

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Mar réamhchoinníoll i dtaca leis an tacaíocht faoin tSaoráid, ní mór do na Tairbhithe leanúint de shásraí daonlathacha éifeachtacha a chaomhnú agus a urramú, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, agus an smacht reachta, agus urraim do na hoibleagáidí uile maidir le cearta an duine a ráthú, lena n-áirítear cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Réamhchoinníoll eile a bheidh ann go nglacfaidh an tSeirbia agus an Chosaiv páirt chuiditheach i normalú a gcaidrimh d’fhonn a n-oibleagáidí uile faoi seach a eascraíonn as an gComhaontú maidir leis an gConair do Normalú agus as an Iarscríbhinn Cur Chun Feidhme a ghabhann leis chomh maith leis na Comhaontuithe Idirphlé uile a rinneadh roimhe seo a chur chun feidhme go hiomlán agus dul i mbun caibidlíochta maidir leis an gComhaontú Cuimsitheach maidir le normalú an chaidrimh.

1. Mar réamhchoinníoll i dtaca leis an tacaíocht faoin tSaoráid, ní mór do na Tairbhithe sásraí daonlathacha éifeachtacha a chaomhnú agus a urramú, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, agus an smacht reachta, agus urraim do na hoibleagáidí uile maidir le cearta an duine a ráthú, lena n-áirítear cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad maidir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3. Réamhchoinníoll eile a bheidh ann go nglacfaidh an tSeirbia agus an Chosaiv páirt chuiditheach i normalú a gcaidrimh d’fhonn a n-oibleagáidí uile faoi seach a eascraíonn as an gComhaontú maidir leis an gConair do Normalú agus as an Iarscríbhinn Cur Chun Feidhme a ghabhann leis chomh maith leis na Comhaontuithe Idirphlé uile a rinneadh roimhe seo a chur chun feidhme go hiomlán agus dul i mbun caibidlíochta maidir leis an gComhaontú Cuimsitheach maidir le normalú an chaidrimh.

Leasú 18

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chomhlíonadh na réamhchoinníollacha a leagtar amach i mír 1 sula scaoilfear cistí chuig Tairbhithe faoin tSaoráid agus le linn thréimhse na tacaíochta arna soláthar faoin tSaoráid, agus aird chuí á tabhairt ar an bPacáiste um Méadú is déanaí. Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh lena gcinnfear nach bhfuil cuid de na réamhchoinníollacha sin á gcomhlíonadh, agus go háirithe, scaoileadh na gcistí dá dtagraítear in Airteagal 21 a choinneáil siar, gan beann ar chomhlíonadh na gcoinníollacha íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 16(3).

2. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chomhlíonadh na réamhchoinníollacha a leagtar amach i mír 1 sula scaoilfear cistí chuig Tairbhithe faoin tSaoráid agus le linn thréimhse na tacaíochta arna soláthar faoin tSaoráid, agus aird chuí á tabhairt ar an bPacáiste um Méadú is déanaí. Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh lena gcinnfear nach bhfuil cuid de na réamhchoinníollacha sin á gcomhlíonadh, agus go háirithe, scaoileadh na gcistí dá dtagraítear in Airteagal 21 a choinneáil siar, gan beann ar chomhlíonadh na gcoinníollacha íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 16(3). Beidh an deis ag na tairbhithe easnaimh a leigheas chun na réamhchoinníollacha a chomhlíonadh, lena gceadófar dóibh, tar éis cinneadh dearfach ón gCoimisiún, rochtain a fháil ar na cistí.

Leasú 19

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Beidh na soláthairtí agus na hábhair go léir arna maoiniú agus arna soláthar faoin tSaoráid seo de thionscnamh aon tíre dá dtagraítear i mír 1 pointe (a) agus pointe (b), mura rud é nach féidir na soláthairtí agus na hábhair a fháil ar choinníollacha réasúnacha in aon cheann de na tíortha sin. Ina theannta sin, tá feidhm ag na rialacha maidir le srianta i mír 6.

3. Beidh na soláthairtí agus na hábhair go léir arna maoiniú agus arna soláthar faoin tSaoráid seo de thionscnamh aon tíre dá dtagraítear i mír 1 pointe (a) agus pointe (b), agus comhlíonfar leo ardchritéir shóisialta agus chomhshaoil nuair is féidir, mura rud é nach féidir na soláthairtí agus na hábhair a fháil ar choinníollacha réasúnacha in aon cheann de na tíortha sin. Sa chás sin, ba cheart go mbeadh an soláthar i gcomhréir le rialacháin an Aontais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo maidir le dícheall cuí le haghaidh slabhraí luacha. Ina theannta sin, tá feidhm ag na rialacha maidir le srianta i mír 6.

Leasú 20

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 6 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) i gcás ina ndéanfaidh an ghníomhaíocht nó na nósanna imeachta dámhachtana sonracha difear don tslándáil nó don ord poiblí, go háirithe maidir le sócmhainní agus leasanna straitéiseacha an Aontais, a Bhallstát, nó aon cheann de na Tairbhithe, lena n-áirítear slándáil, athléimneacht agus cosaint shláine an bhonneagair dhigitigh (lena n-áirítear bonneagar líonra 5G), na gcóras cumarsáide agus faisnéise, agus na slabhraí soláthair gaolmhara.

(b) i gcás ina ndéanfaidh an ghníomhaíocht nó na nósanna imeachta dámhachtana sonracha difear don tslándáil nó don ord poiblí, go háirithe maidir le sócmhainní agus leasanna straitéiseacha an Aontais, a Bhallstát, nó aon cheann de na Tairbhithe, lena n-áirítear slándáil, athléimneacht agus cosaint shláine an bhonneagair dhigitigh (lena n-áirítear bonneagar líonra 5G), na gcóras cumarsáide agus faisnéise, agus na slabhraí soláthair gaolmhara, agus i gcás nach bhfuil an ghníomhaíocht nó an nós imeachta dámhachtana i gcomhréir leis an Straitéis um an tSlándáil Eacnamaíoch.

Leasú 21

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Leis na Cláir Oibre Athchóiriúcháin, urramófar na prionsabail ghinearálta a leagtar amach in Airteagal 4.

5. Leis na Cláir Oibre Athchóiriúcháin, urramófar na prionsabail ghinearálta a leagtar amach in Airteagal 4 agus dréachtófar iad ar bhealach oscailte agus trédhearcach, i gcomhairle leis na geallsealbhóirí go léir.

Leasú 22

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Chun críche an mheasúnaithe ar na Cláir Oibre Athchóiriúcháin arna gcur isteach ag na Tairbhithe, féadfaidh saineolaithe cúnamh a thabhairt don Choimisiún.

4. Chun críche an mheasúnaithe ar na Cláir Oibre Athchóiriúcháin arna gcur isteach ag na Tairbhithe, féadfaidh saineolaithe neamhspleácha cúnamh a thabhairt don Choimisiún, lena n-áirítear saineolaithe ón tsochaí sibhialta.

IARSCRÍBHINN: NA hEINTITIS NÓ NA DAOINE ÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR

Dearbhaíonn an Rapóirtéir faoina fhreagracht eisiach nach bhfuair sé ionchur ó aon eintiteas ná ó aon duine atá le lua san Iarscríbhinn seo de bhun Airteagal 8 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta.

NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Saoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar a bhunú

Tagairtí

COM(2023)0692 – C9-0408/2023 – 2023/0397(COD)

Coistí freagracha

Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

AFET

18.1.2024

BUDG

18.1.2024

Tuairim ó

Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

INTA

18.1.2024

Rapóirtéir don tuairim

Dáta an cheapacháin

Helmut Scholz

28.11.2023

Riail 55 – Nós imeachta coiste comhlachaithe

Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

18.1.2024

Dáta an ghlactha

19.2.2024

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

28

3

0

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Anna-Michelle Asimakopoulou, Geert Bourgeois, Jordi Cañas, Paolo De Castro, Heidi Hautala, Danuta Maria Hübner, Martine Kemp, Bernd Lange, Margarida Marques, Gabriel Mato, Sara Matthieu, Carles Puigdemont i Casamajó, Samira Rafaela, Catharina Rinzema, Inma Rodríguez-Piñero, Helmut Scholz, Joachim Schuster, Dominik Tarczyński, Marie-Pierre Vedrenne, Iuliu Winkler, Jan Zahradil

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Marek Belka, Udo Bullmann, Enikő Győri, Svenja Hahn, Sandra Kalniete, Lydie Massard, Manuela Ripa

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Pascal Arimont, Lukas Mandl, Tomas Tobé

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Eochair do na siombailí a úsáidtear: